Dioplóma Iarchéime / Máistreacht sa Nua-Ghaeilge
Click here to view the English version of the course Nua-Ghaeilge [Dioplóma Iarchéime / Máistreacht] Bliain iontrála: 2008 Campas: Béal Feirste Cliceáil anseo leis an chlár a íoslódáil. An Clár Dianchúrsa acadúil gairmiúil é seo dóibh siúd ar mian leo leibhéal na Máistreachta a bhaint amach sa Nua-Ghaeilge. Cuirfear béim ar leith ar insealbhú saineolais agus sainscileanna i réimse na Nua-Ghaeilge le haghaidh gairmeacha beatha na linne seo. Chomh maith leis an dianstaidéar teanga, ar croí-ábhar an chúrsa é, déanfar staidéar ar dhioscúrsa na Gaeilge comhaimseartha ina n-áirítear litríocht, critic, meáin chumarsáide, scannáin, pleanáil teanga agus tumoideachas. Tá clú idirnáisiúnta ar an teagasc/fhoghlaim agus ar an taighde a dhéantar sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil Uladh, rud ba léir nuair a bronnadh stádas CETL (Centre of Excellence in Teaching and Learning) ar an Ghaeilge san Ollscoil faoin ‘Excellence in Teaching and Learning Initiative' agus nuair a gnóthaíodh an grád is airde don taighde, 5* san RAE (Research Assessment Exercise) deireanach. Critéir iontrála Ba chóir go mbeadh céim mhaith sa Ghaeilge nó sa Léann Ceilteach ag iarratasóirí, sin nó cáilíocht ghairmiúil nó cáilíocht eile iomchuí. Cuirfear agallamh ar gach iarratasóir. Fad agus freastal an chúrsa Céadaoin 6:00-9:00. Cúrsa páirtaimseartha é seo. Dioplóma Iarchéime: ceithre sheimeastar (de ghnáth, Deireadh Fómhair go Meitheamh na bliana acadúla dár gcionn). Tráchtas MA le cur isteach roimh dheireadh mhí Eanáir. Struchtúr agus ábhar Tosóidh mic léinn leis an Dioplóma Iarchéime, cúrsa teagasctha ceithre mhodúl ina gcumhdófar na hábhair seo a leanas: - Gramadach, comhréir, foclóir agus ceart na Nua-Ghaeilge;
- Úsáid agus athmhúnlú an Chaighdeáin Oifigiúil;
- Stílíocht, aistriúchán agus scríbhneoireacht ghairmiúil;
- Fóineolaíocht na Nua-Ghaeilge agus cur i láthair gairmiúil éifeachtach;
- An litríocht agus an chritic chomhaimseartha; scannáin Ghaeilge;
- Dioscúrsa na Gaeilge comhaimseartha i gcomhthéacs na hEorpa: craoltóireacht/meáin teangacha mionlach, pleanáil teanga, tumoideachas.
Má éiríonn le mac léinn sa Dioplóma Iarchéime is féidir leis/léi tosú ar chuid na Máistreachta den chlár ina scríobhfar tráchtas thart ar 15,000 focal. Sonraí teagmhála Le tuilleadh eolais a fháil ar ghné ar bith den chúrsa déan teagmháil le stiúrthóir an chúrsa: Dr Fionntán de Brún Scoil na dTeangacha agus na Litríochta/ Institiúid Taighde na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh Ollscoil Uladh Teil 703 24165 f.debrun@ulster.ac.uk
| |
| |
| |
| |
| |
| Last Updated: 14 November 2008 By: Keith Beckett |
|
|